Cad é GaelPro?
Seirbhís eolais dhigiteach do lucht raidió na Gaeilge é GaelPro. Tá sé dírithe orthu siúd a bhíonn ag craoladh trí Ghaeilge ar stáisiúin raidió éagsúla ar fud na hÉireann agus scaipimid eolas ar an bpobal ina iomláine mar gheall ar na cláir atá ar fáil dóibh ar na stáisiúin raidió atá ag craoladh sa cheantar ina bhfuil siad féin ag cur fúthu. Mar chuid den tseirbhís, scaipfidh GaelPro eolas gach seachtain mar gheall ar imeachtaí; nuacht a bhaineann le hearnáil na craoltóireachta agus príomhscéalta na Gaeilge atá i mbéal an phobail. Beidh béim ar leith ar eolas a scaipeadh mar gheall ar chláir Ghaeilge ar stáisiúin raidió i ngach cearn den tír, idir stáisiúin áitiúla, stáisiúin náisiúnta agus stáisiúin phobail.
Más mian leat a bheith páirteach sa tionscadal nó má tá tuilleadh eolais uait, bí i dteagmháil linn.