Cúlra
Seirbhís is ea GaelPro Raidió a d’eascair as tionscadal dár teideal Aerthonnta, a thionscain Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus a thóg Raidió na Life ar lámh ar feadh tréimhse nuair a scor an eagraíocht. Nuair a stad Raidió na Life den tseirbhís thóg an tOireachtas an bunsmaoineamh (eolas a scaipeadh ar an bpobal maidir le cláir raidió i nGaeilge a bhí á gcraoladh ar stáisiúin phobail & tráchtála) agus chruthaíomar sraith seirbhísí le freastal a dhéanamh ar na craoltóirí féin chomh maith lena gcuid pobal éisteachta.
Le maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann (a bhfuil Coimisiún na Meán tagtha i gcomharbacht air anois) agus comhpháirtíocht ó CRAOL; IBI & Foras na Gaeilge, chruthaíomar suíomh gréasáin úrnua, rinneamar athbhrandáil ar an tseirbhís nuafhorbartha, GaelPro Raidió, agus táimid go leanúnach ag cur le hacmhainní le cuidiú le craoltóirí Gaeilge.
An tOireachtas atá i mbun na seirbhíse ó Lá Fhéile Pádraig 2020.