Páirtnéirí
Is tionscadal comhpháirtíochta é GaelPro idir An tOireachtas agus Coimisiún na Meán.
An tOireachtas
Ceanneagraíocht is ea An tOireachtas sa réimse, ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán’. Eagraíonn An tOireachtas féilire imeachtaí gach bliain, ina measc, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Comórtais Liteartha & Foilsitheoireachta agus sraith imeachtaí spóirt, cultúir agus ealaíne. Is é Oireachtas na Samhna, príomhfhéile náisiúnta na nGael, ár mór-imeacht bliantúil, áit a ndéantar ceiliúradh ar na taibhealaíona traidisiúnta agus ar ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge.
Cuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil don Oireachtas.
Coimisiún na Meán
Bunaíodh Coimisiún na Meán de thoradh fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 (“Acht OSMR, 2022”). Achtaíodh Acht OSMR, 2022 an 10 Nollaig, 2022. Leasaítear le hAcht OSMR, 2022 an tAcht Craolacháin 2009 chun Coimisiún na Meán a bhunú agus Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) a dhíscaoileadh.
Tabharfaidh Coimisiún na Meán faoi fheidhmeanna BAI mar an rialtóir craolacháin in Éirinn. Lena chois sin, cuirfidh sé creat rialála ar bun le haghaidh sábháilteacht ar líne, déanfaidh sé nuashonrú ar rialáil na seirbhísí craoltóireachta teilifíse agus na seirbhísí físeán ar éileamh, agus déanfaidh sé an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a thrasuí i ndlí na hÉireann.