A Bhainisteoir Stáisiúin, a chara, Táimid ag forbairt sean-láithreáin gréasáin, Aerthonnta, bunaithe ar an taighde a rinneamar anuraidh. Go dáta, tá 2 sheirbhís nua á chur ar fáil againn:
1. An tEolaire Clár de dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhfuil spéis acu clár raidió trí Ghaeilge a dhéanamh. Tá dhá chatagóir ann, ceann amháin de dhaoine nach bhfuil aon taithí acu sa chraoltóireacht agus catagóir eile de dhaoine a bhfuil taithí chraoltóireachta acu.
Is do Bainisteoirí Stáisiún / Oifigigh Earcaíochta amháin an tseirbhís seo agus beidh fáil acu ar CVanna agus, i gcásanna áirithe, ar chomhaid fhuaime, do gach iarrthóir.
Tá an tseirbhís seo go hiomlán discréideach agus ar fáil saor in aisce do na stáisiúin atá ag feidhmiú le ceadúnas ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Deimhnímid go bhfuil Gaeilge líofa ag gach duine atá luaite san Eolaire ach SIN EILE – ní mór d’fhostóirí gnáth-fhaomhadh a dhéanamh i gcás daoine a fhostaíonn siad.
2. Lár-Phointe Acmhainní do Chraoltóirí Raidió Is seirbhís dhátheangach í seo atá ar fáil do bhaill foirne i stáisiúin raidió. An aidhm atá againn ná tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil do chraoltóirí raidió a mbeidh cláracha Gaeilge nó cláracha dátheangacha (i nGaeilge agus i mBéarla) á dhéanamh acu.
Beimid ag leathnú amach na seirbhíse de réir a chéile, le do threoir, chun freastal ar riachtanais Ghaeilge na raidiónna pobail agus tráchtála. Ba mhór againn aiseolas a fháil uait.
ROCHTAIN BHAINISTEORA Gheobhaidh tú rochtain ar an dá sheirbhís, An tEolaire & An Lár-Phointe Acmhainní.
Cliceáil anseo chun clárú do ROCHTAIN BHAINISTEORA
Ó tharla go bhfuil An tEolaire teoranta do Bhainisteoirí Stáisiún / Oifigigh Earcaíochta amháin, beidh ROCHTAIN BHALLRAÍOCHTA ar fáil do bhaill eile an stáisiúin, mar shampla, déantóirí clár, láithreoirí agus léiritheoirí, chun go mbeidh fáil acu ar an LÁR-PHOINTE ACMHAINNÍ.
Féadfaidh daoine a bhfuil ROCHTAIN BHALLRAÍOCHTA ag teastáil uathu ríomhphost a sheoladh á lorg chuig eolas@aerthonnta.ie
Cóipceart © 2022 || GaelPro Raidió
GaelPro Raidió, An tOireachtas, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98 || raidio@gaelpro.ie || (+353) 1 475 3857
|