A chara,
Táimid ag forbairt sean-láithreán gréasáin, Aerthonnta, bunaithe ar an taighde a rinneamar anuraidh.
Tá seirbhís nua, Lár-Phointe Acmhainní do Chraoltóirí, ullmhaithe againn le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann, chun cuidiú le craoltóirí atá ag iarraidh cláracha raidió a dhéanamh i nGaeilge.
Is láithreán dhátheangach, Gaeilge agus Béarla, atá ann.
I measc na nithe atá ar fáil sa Lár-Phointe Acmhainní tá:
- Áiseanna Aistriúcháin & Teanga Beimid ag reáchtáil Webinar, saor in aisce, Dé hAoine, 19 Márta 2021, chun cuidiú leat an úsáid is fearr a bhaint as na háiseanna ar líne atá ar fáil faoi láthair. Eolas faoin Webinar anseo
- Cúrsa Gaeilge do Chraoltóirí Raidió ullmhaithe ag Gaelchultúr
- Féilire Imeachtaí Ócáidí atá ar na bacáin
- Foinsí Taighde Úsáideacha maidir le craoltóireacht i nGaeilge
- Naisc Úsáideacha
- Foclóirí Beaga d’ábhair éagsúla Fáilte roimh mholtaí maidir le téamaí nua
Beimid ag leathnú amach na seirbhíse de réir a chéile, le do threoir, chun freastal ar riachtanais Ghaeilge na raidiónna pobail agus tráchtála. Ba mhór againn aiseolas a fháil uait.