An bhfuil clár trí Ghaeilge á chraoladh ar do stáisiún raidió? An raibh a fhios agat go bhfuil gradam ar leith ann do Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail mar chuid de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais? Is é Dé hAoine seo, 16 Iúil 2021 ag 5.00 p.m. an dáta deiridh chun do chlár a ainmniú sa chatagóir seo. Cláir a craoladh le bliain anuas atá inghlactha agus léiriúcháin inmheánacha amháin, lena n-áirítear cláir choimisiúnaithe, atá inghlactha. Ní áireofar cláir shindeacáite. Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil le Louise Ní Dháibhéid ag louise@anoireachtas.ie.
Cóipceart © 2022 || GaelPro Raidió |