Tá Foras na Gaeilge arís ag fáiltiú roimh iarratais ar an gCiste Tionscada. Tá sé mar aidhm ag an gCiste, a bunaíodh in 2020, tacú le réimsí oibre agus tionscadail nach dtiteann faoi ghnáthréimsí scéimeanna Fhoras na Gaeilge. Beidh deontais dar luach idir €1,000/£900 agus €12,000/£10,800 á gcur ar fáil d’eagraíochtaí ar fud fad an oileáin agus fáilteofar go háirithe roimh iarratais a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhealaí nuálacha, chomh maith le coincheapa agus tionscadail a rachaidh chun leasa do phobal na Gaeilge. Is é Dé hAoine, 22 Aibreán 2022 sprioc an Chiste i mbliana.
ROCHTAIN BHAINISTEORA Gheobhaidh tú rochtain ar an dá sheirbhís, An tEolaire & An Lár-Phointe Acmhainní. Ó tharla go bhfuil An tEolaire teoranta do Bhainisteoirí Stáisiún / Oifigigh Earcaíochta amháin, beidh ROCHTAIN BHALLRAÍOCHTA ar fáil do bhaill eile an stáisiúin, mar shampla, déantóirí clár, láithreoirí agus léiritheoirí, chun go mbeidh fáil acu ar an LÁR-PHOINTE ACMHAINNÍ. Cóipceart © 2022 || GaelPro Raidió |