loader
logo

Agallamh le Micheál Ó Gionnáin

Agallamh le Micheál Ó Gionnáin
Dé Máirt, 22 Márta 2022

Agallamh le Micheál Ó Gionnáin

Labhair GaelPro Raidió le Micheál Ó Gionnáin faoina chlár 'Ó Chonamara go Crimea' agus faoi Ghradam Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail a bhuacaint ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021

 

1. Cé thú féin?
Micheál Ó Gionnáin as Rinn Mhaoile i dtuaisceart Chonamara. Tá mé ag plé le cúrsaí raidió le hos cionn 25 bliain ar bhonn deonach. Is léiritheoir agus láithreoir mé. Tá suim faoi leith agam i stair shóisialta agus cultúrtha mo cheantair féin.

 

2. Bhain tú Gradam Chlár Raidió na Bliana ar Raidió Pobail anuraidh ar ndóigh. Inis dúinn faoin eispéireas a bhí agat?
Ba mhór an onóir an gradam a bhaint amach - ar an gcéad dul síos, is iontach an rud é go bhfuil a leithéid de ghradam le fáil anois, tugann sé spreagadh do na stáisiúin pobail a gcuid oibre i nGaeilge a thaispeáint do na moltóirí. Bhí ríméad orm gur chuir stáisiúin eile suim sa gclár de bharr an ghradaim agus craoladh é ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar Phoenix FM. Ag an deireadh thiar thall is lucht éisteachta do mo chuid cláracha a theastaíonn uaim agus is cinnte go gcuidíonn gradam le lucht éisteachta a leathnú. Tá súil agam go leanfaidh an tOireachtas leo ag cuidiú le lucht cumarsáide lucht éisteachta a aimsiú, bíodh sé le scéim gradaim nó le scéimeanna eile.  

 

3. Cén chaoi a dhéanfá cur síos ar ‘Ó Chonamara go Crimea’?
Scéal faoi scorach as Chonamara, Pat Gannon, a rugadh sna blianta beaga roimh an drochshaol, a liostáil sna Connacht Rangers agus a throid i gCogadh an Chrimé ó 1854 go 1856. Gortaíodh é go dona ach mhair sé, d’fhill sé ar Chonamara, phós sé agus mhair se go dtí 1901. Ba é mo shin-sin-seanathair é, athair mór m’athair mór-sa. Mar sin, is scéal pearsanta atá ann a bhfuil go leor de sheanchas ár muintir le cloisteáil ann. Ach is scéal náisiúnta agus domhanda atá ann chomh maith - cogadh domhanda a bhí i gCogadh an Chrimé, throid an Bhreatain, an Fhrainc agus an Tuirc in aghaidh Impireacht na Rúise. Faraor feiceann muid inniu cé chomh anróiteach is atá réigiún an Chrimé fós, 170 bliain i ndiaidh Cogadh an Chrimé. 

 

4. Céard é an rud is mó a thaitin leat faoin gclár a chur le chéile?
Gan dabht seanchas mo mhuintir féin. Bhí an t-ádh dearg orm go ndearna mé comhrá le seanuncail liom a thaifead siar sa mbliain 1996, rinne sé cur síos ar “sean-Phat” mar a thug sé air féin. Is leis an caiséad sin a thosaigh mé sa mbliain 2020 an clár a chur le chéile. Rinne mé taighde i gcartlann míleata Airm na Breataine ina dhiaidh sin agus fuair mé an-sásamh intinne chuile uair a thagadh an seanchas agus an stair scríofa ar aon bhuille m.sh, ba mar a chéile an cur síos a rinne mo sheanuncail ar an ngortú a fuair Pat Gannon agus an tuairisc atá scríofa ina chomhad míleata. Scaití, ní thagadh an dá fhoinse ar aon bhuille m.sh, dúirt mo sheanuncail gur throid Pat i gcath Balaklava ach níor thug Airm na Breataine aon aitheantas dó má throid. B’fhéidir go ndearna an t-arm faillí air - tá me fós ag cuardach.   

 

5. Cén chaoi a bhí cúrsaí craoltóireachta duit le linn na paindéime?
Rinne an stáisiún beag s’againne Raidió Pobail Chonamara éacht agus níor chaill muid oiread is uair a chloig chraolacháin le linn na paindéime. D’fhoghlaim go leor oibrithe deonacha na scileanna a theastaíonn le clár a chur le chéile sa mbaile. Thug an stáisiún seirbhís fíor thábhachtach don phobal le daoine a choinneáil ar an eolas i dtaobh an víreas Covid. Bhí rudaí bunúsacha ar nós an tAifreann thar a bheith riachtanach. Rinneadh athchraoladh ar go leor ábhar ón gcartlann (a théann siar go tús an stáisiúin i 1992) agus thaitin sé sin le go leor éisteoirí.

 

6. Cad iad na deiseanna is mó lena bhfuil tú ag súil maidir le craoltóireacht agus an tír ath-oscailte tar éis srianta Covid-19?
Neart chraolacháin ar ócáidí beo – cluichí, féilte, seisiúin cheoil - chomh maith le craolacháin cois teallaigh, mar beidh deis againn dul ar chuartaíocht ag na daoine arís.

 

7. An bhfuil aon chlár eile atá idir lámha agat faoi láthair?
Trí chlár speisialta in ómós do dhuine de laochra móra Chonamara Padraig Mac Giolla Phadraig, Paddy Fitz nó “Fear an Hata” mar a raibh aithne air ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Gaeilgeoir, scéalaí, fonnadóir, bádóir, seanchaí, cnocadóir, cladóir, peileadóir, dornalaí, foghlaí agus fear pobal ab ea Paddy. Bhí sé siúlach, scéalach, suailceach ar feadh a shaoil, chuir daoine ó cheann ceann na tíre aithne air agus d’fhoghlaim siad go leor uaidh. Bhí suim faoi leith aige sa gceol agus san amhránaíocht agus thuig sé an ceol agus an cultúr Gaelach mar bhí sé ann féin go smior ón dúchas. Fuair Paddy bás i mí na Samhna 2020, agus de bharr srianta Covid, níor tugadh seans dá chairde ceoil slán ceart a fhágáil leis agus an meas a bhí acu air a léiriú os chomhair an phobail. Cuirfear sin ina cheart leis an sraith seo nuair a bheidh 25 de cheoltóirí agus filí móra na tíre ag caint leis an bpobal, ag cur síos ar Phaddy agus ag seinm ceoil don phobal i gcuimhne ar Phaddy.

 

8. Cad iad na dúshláin a bhaineann le clár Gaeilge a chraoladh ar stáisiúin a phléann le cláracha i mBéarla don chuid is mó?
Tá an dúshlán céanna ag baint le clár maith a dhéanamh i dteanga ar bith. Is dócha go bhfuil dúshlán faoi leith ag baint le clár dátheangach a dhéanamh - tá sé níos deacra ná clár dátheangach teilifíse.

 

9. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag iarraidh clár Gaeilge a chur i láthair ar stáisiúin Béarla?
Más clár iomlán Gaeilge atá i gceist (Gaeilge nádúrtha gan aon Bhéarla agus gan aon mhoilliú ar an gcaint le go dtuigfeadh foghlaimeoirí níos fearr é) is é an comhairle céanna a chuirfinn ar dhuine i dtaobh clár Gaeilge agus Béarla: soiléireacht agus simplíocht ó thaobh an láithreora agus an léiritheora. Ná bí ag súil le haon rud faoi leith ón aoi atá leat ar aon chlár, lig don duine a scéal a insint go nádúrtha. Siúráilte cinnte gabhfaidh an scéal i dtreo éigin nach raibh súil ar bith agat leis, ná chuirfeadh sé sin aon imní ort.

 

10. Cad iad na buaicphointí craoltóireachta a bhí agat go dtí seo?
Bualadh agus caint le scoth na ndaoine – cosmhuintir Chonamara, mo chomharsana agus mo ghaolta, daoine nár labhair ar aon raidió riamh roimhe sin b’fhéidir. Tá stiúideo Raidió Pobail Chonamara suite i sean-scoil Leitir Fraic (ó 1895 do dtí 1972 is ann a choinnigh na Bráithre Críostaí buachaillí a bhí imithe ó smacht).  Bhí mé liom féin sa stiúideo sa bhfoirgneamh mór, fuar sin i Leitir Fraic Domhnach gránna báistí i 1997 nuair a chonaic mé lánúin strainséartha taobh amuigh ag breathnú thart ar an áit. Iar-scoláire a bhí ann, Martin Bray agus a bhean. Ba mhór an phribhléid domsa fáilte isteach a chur rompu agus píosa cainte a dhéanamh le Martin do RPC.

 

11. Cad é an sprioc is mó atá agat i mbliana?
Clár dátheangach a léiriú a bheidh tarraingteach d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí maithe.

 

img

Cóipceart © 2018 - 2024 || GaelPro Raidió || An tOireachtas