Tá féilire nua d’imeachtaí Gaeilge agus cultúir a bheidh ag tarlú ar fud na tíre i 2022 curtha leis an suíomh againn chun na stáisiúin raidió ar fad a choinneáil ar an eolas maidir le himeachtaí atá ag tarlú san earnáil. Cliceáil anseo chun iad a fháil. Lean an nasc seo d’agallamh le Micheál Ó Gionnáin, láithreoir an chláir Ó Chonamara go Crimea ar Raidió Pobail Chonamara a thug leis Gradam do Chlár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail 2021. Tá 17 láithreoir cláraithe leis An tEolaire do Chraoltóirí Raidió le Gaeilge ó fud fad na tíre. Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil fúthu. Ar chláraigh tú gach clár Gaeilge a bhíonn ar do stáisiún? Seol ríomhphost chuig raidio@gaelpro.ie leis an eolas is déanaí ó do stáisiún & scaipfidh muid an scéal ar na meáin shóisialta.
ROCHTAIN BHAINISTEORA Gheobhaidh tú rochtain ar an dá sheirbhís, An tEolaire & An Lár-Phointe Acmhainní. Ó tharla go bhfuil An tEolaire teoranta do Bhainisteoirí Stáisiún / Oifigigh Earcaíochta amháin, beidh ROCHTAIN BHALLRAÍOCHTA ar fáil do bhaill eile an stáisiúin, mar shampla, déantóirí clár, láithreoirí agus léiritheoirí, chun go mbeidh fáil acu ar an LÁR-PHOINTE ACMHAINNÍ. Cóipceart © 2022 || GaelPro Raidió |