Near FM
FlirtFM
Claremorris Community Radio
Seirbhís eolais dhigiteach do lucht raidió na Gaeilge é GaelPro. Tá sé dírithe orthu siúd a bhíonn ag craoladh trí Ghaeilge ar stáisiúin raidió éagsúla ar fud na hÉireann agus scaipimid eolas ar an bpobal ina iomláine mar gheall ar na cláir atá ar fáil dóibh ar na stáisiúin raidió atá ag craoladh sa cheantar ina bhfuil siad féin ag cur fúthu. Mar chuid den tseirbhís, scaipfidh GaelPro eolas gach seachtain mar gheall ar imeachtaí; nuacht a bhaineann le hearnáil na craoltóireachta agus príomhscéalta na Gaeilge atá i mbéal an phobail. Beidh béim ar leith ar eolas a scaipeadh mar gheall ar chláir Ghaeilge ar stáisiúin raidió i ngach cearn den tír, idir stáisiúin áitiúla, stáisiúin náisiúnta agus stáisiúin phobail.
Más mian leat a bheith páirteach sa tionscadal nó má tá tuilleadh eolais uait, bí i dteagmháil linn.
Seirbhís is ea GaelPro Raidió a d’eascair as tionscadal dár teideal Aerthonnta, a thionscain Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus a thóg Raidió na Life ar lámh ar feadh tréimhse nuair a scor an eagraíocht. Nuair a stad Raidió na Life den tseirbhís thóg an tOireachtas an bunsmaoineamh (eolas a scaipeadh ar an bpobal maidir le cláir raidió i nGaeilge a bhí á gcraoladh ar stáisiúin phobail & tráchtála) agus chruthaíomar sraith seirbhísí le freastal a dhéanamh ar na craoltóirí féin chomh maith lena gcuid pobal éisteachta.
Le maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann (a bhfuil Coimisiún na Meán tagtha i gcomharbacht air anois) agus comhpháirtíocht ó CRAOL; IBI & Foras na Gaeilge, chruthaíomar suíomh gréasáin úrnua, rinneamar athbhrandáil ar an tseirbhís nuafhorbartha, GaelPro Raidió, agus táimid go leanúnach ag cur le hacmhainní le cuidiú le craoltóirí Gaeilge.
An tOireachtas atá i mbun na seirbhíse ó Lá Fhéile Pádraig 2020.
Is tionscadal comhpháirtíochta é GaelPro idir An tOireachtas agus Coimisiún na Meán.
An tOireachtas
Ceanneagraíocht is ea An tOireachtas sa réimse, ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán’. Eagraíonn An tOireachtas féilire imeachtaí gach bliain, ina measc, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Comórtais Liteartha & Foilsitheoireachta agus sraith imeachtaí spóirt, cultúir agus ealaíne. Is é Oireachtas na Samhna, príomhfhéile náisiúnta na nGael, ár mór-imeacht bliantúil, áit a ndéantar ceiliúradh ar na taibhealaíona traidisiúnta agus ar ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge.
Cuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil don Oireachtas.
Coimisiún na Meán
Bunaíodh Coimisiún na Meán de thoradh fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 (“Acht OSMR, 2022”). Achtaíodh Acht OSMR, 2022 an 10 Nollaig, 2022. Leasaítear le hAcht OSMR, 2022 an tAcht Craolacháin 2009 chun Coimisiún na Meán a bhunú agus Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) a dhíscaoileadh.
Tabharfaidh Coimisiún na Meán faoi fheidhmeanna BAI mar an rialtóir craolacháin in Éirinn. Lena chois sin, cuirfidh sé creat rialála ar bun le haghaidh sábháilteacht ar líne, déanfaidh sé nuashonrú ar rialáil na seirbhísí craoltóireachta teilifíse agus na seirbhísí físeán ar éileamh, agus déanfaidh sé an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a thrasuí i ndlí na hÉireann.
Rinneadh gach iarracht chun an suíomh seo a dhearadh agus a thógáil le go mbeadh gach duine in ann leas iomlán a bhaint as, beag beann ar chumas. Tógadh an suíomh de réir chaighdeáin WCAG 2.0 AAA, caighdeáin idirnáisiúnta inrochtaineachta a d'eisigh an World Wide Web Consortium (W3C).
Moltar duit brabhsálaí nua-aimseartha a úsáid leis an eispéireas is fearr agus is féidir a bhaint amach ar an suíomh seo.
Más dóigh leat nach bhfuil cuid áirithe den suíomh iomlán inrochtana nó go bhféadfaí gné éigin d'eispéireas an úsáideora a fheabhsú, bheimis buíoch díot ach é seo a chur ar ár súile dúinn trí ríomhphost a sheoladh chuig raidio@gaelpro.ie.
Léitheoir scáileáin i nGaeilge
Meabhraítear duit gur féidir leas a bhaint as léitheoir scáileáin a bhfuil glór sintéiseach i nGaeilge ar fáil dó agus an suíomh seo in úsáid agat. Is í foireann abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a d'fhorbair an glór i nGaeilge. Breiseán é seo a chuirtear leis an léitheoir scáileáin NVDA. Tá gach eolas ar fáil anseo.
Is mór ag GaelPro do cheart chun príobháideachais. Déantar príobháideachas úsáideoirí an tsuímh seo a chosaint de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 agus de réir threoirlínte Choimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann. Níl GaelPro freagrach as cleachtais phríobháideachais na suíomh gréasáin seachtrach a bhféadfaí rochtain a fháil orthu tríd an úsáid a bhaineann tú as suíomh gaelpro.ie. Moltar duit breathnú ar na beartais ó thaobh príobháideachais agus fianán de atá ag suíomh seachtrach ar bith a dtugann tú cuairt air.
Na cineálacha sonraí a bhailítear
Is féidir an suíomh gaelpro.ie a úsáid gan sonraí inaitheanta pearsanta a sholáthar. Bailítear sonraí úsáide áirithe go huathoibríoch le cabhair fianán agus an suíomh á bhrabhsáil ag duine. Is éard atá i bhfianáin ná comhaid téacs a ndéantar iad a stóráil ar do ríomhaire chun cabhrú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar conas a bhaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh. Is iad seo a leanas na príomhchineálacha sonraí a bhailítear ó úsáideoirí an tsuímh:
An leas a bhaintear as na sonraí a bhailítear
Baintear leas as na sonraí a bhailítear ar an suíomh seo chun críocha staitistiúla agus ní ceadmhach iad a úsáid chun cuairteoirí ar leith ar an suíomh a aithint mura n-éilítear é de réir dlí. Baintear feidhm as an bhfaisnéis a bhailítear chun taighde agus anailís a dhéanamh ar phróifíl ghinearálta na gcuairteoirí a thagann chuig an suíomh agus ar phatrúin úsáide na gcuairteoirí sin d'fhonn eispéireas úsáideoirí uile an tsuímh a fheabhsú. D'fhéadfaí go bhfoilseofaí torthaí ginearálta an taighde seo ó am go chéile faoi réir na gcoinníollacha príobháideachais a phléitear sa ráiteas seo. Cabhraíonn na staitisticí seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar na réimsí seo a leanas:
Rialaitheoir sonraí
GaelPro Raidió
f/ch An tOireachtas, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98
raidio@gaelpro.ie
Stóráil agus modh próiseála na sonraí a bhailítear
Déanann an Rialaitheoir Sonraí sonraí a bhaineann le húsáideoirí an tsuímh seo a phróiseáil ar mhodh cuí agus glactar na bearta is dual chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí seo, a nochtadh nó a leasú a chosc.
Sa bhreis ar an Rialaitheoir Sonraí, b’fhéidir, i gcásanna áirithe, go mbeadh teacht ag pearsana a bheadh i mbun gnéithe de riar an tsuímh (riarachán nó cothabháil theicniúil an tsuímh, cuir i gcás) nó ag páirtithe seachtracha (ar nós soláthraithe seirbhísí teicniúla nó soláthraithe óstála) ar na sonraí seo agus iad údaraithe ag an Rialaitheoir Sonraí.
Úsáid Google Analytics
Bailítear sonraí pearsanta (lena n-áirítear do sheoladh IP) ag baint leasa as an tseirbhís Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin arna soláthar ag Google, Inc. ("Google"). Déantar an fhaisnéis a bhailítear a tharchur chuig Google agus a stóráil le Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google úsáid as an eolas seo chun meastóireacht a dhéanamh ar an tslí a n-úsáideann tú an suíomh gréasáin, chun tuarascálacha a thiomsú faoi ghníomhaíocht ar an suíomh gréasáin le haghaidh GaelPro, agus chun seirbhísí eile a sholáthar i ndáil leis an ngníomhaíocht ar an suíomh gréasáin agus ar úsáid idirlín. Féadfaidh Google freisin an t-eolas seo a aistriú chuig tríú páirtithe i gcás go bhfuil sé de cheangal orthu é sin a dhéanamh de réir dlí, nó i gcás go ndéanann an tríú páirtí sin eolas a phróiseáil ar son Google. Ní dhéanfaidh Google iarracht gaol a aithint idir do sheoladh IP agus aon sonraí eile atá i seilbh Google. Is féidir leat diúltú d’úsáid fianán trí na socruithe iomchuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara i gcás go ndéanfaidh tú seo go bhfuil seans ann nach mbeidh tú in ann úsáid iomlán a bhaint as feidhmiúlacht an tsuímh gréasáin seo. Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus cead a thabhairt le go bhfanfadh na fianáin cumasaithe, toilíonn tú go ndéanfadh Google sonraí fút a phróiseáil sa chaoi agus chun na gcríoch atá sonraithe thuas.
Cearta na nÚsáideoirí
Tá sé de cheart ag úsáideoirí, ag am ar bith, a fhios a bheith acu más amhlaidh go ndearnadh stóráil ar shonraí pearsanta dá gcuid agus is féidir leo dul i gcomhairle leis an Rialaitheoir Sonraí chun eolas a bheith acu i dtaobh ábhar agus fhoinse na sonraí seo. Ba chóir iarratais a sheoladh chuig an Rialaitheoir Sonraí ag na sonraí teagmhála cuí thuas.
Dáta nuashonraithe an ráitis seo: 19 Eanáir 2022
Cóipceart © 2018 - 2026 || GaelPro Raidió || An tOireachtas